Scoil: Mín an Chladaigh (uimhir rolla 5046)
- Suíomh:
- Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Mac Fhionnaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín an Chladaigh
- XML Leathanach 189
- XML “Donn Mhac A' Diarfach agus Dubh Mhac A' Diarfach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí Diarfach 'na chomhnuidhe i Rosguill de dhream daoine saidhbhire agus thuit sé anuas i mboichtíneacht. Bhí sé pósta seal bliadhantach agus chá dtainig cúram cloinne ar bith air.
D'éirigh siad chomh bocht is gur dhubhairt sé le na bhean lá amháin go n-imtheochádh siad leobhtha fríd an tír go bhfeicfeadh siad an dtiompóchadh ádh ar bith leó. Ar maidin lá thar na bharach d'imthigh an péire aca. Thainig siad go dtí crois-bhealaigh sul a dteachaidh siad i bhfad. Dubhairt seisean léithe "rachfaidh tusa bealach amháin agus mise bealach eile agus dhéanfaidh mé gealltanas leas caidé mar éireochas linn go gcastar ar a chéile annseo muid trí ráithche ó indiú.
Bhal, shiubhal duine aca sior agus duine aca siar ag gabhal thart. Thug siad iarraidh na bhaile acht bhí seisean sa bhaile níos luaithe na ise. Chuaidh sé go dtí'n capall a d'fhág sé na dhiaidh agus bhí dhá shearrach aicí. Chuaidh sé go dtí'n cú(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Dubhgáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall