School: Mín an Chladaigh (roll number 5046)
- Location:
- Mín an Chladaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Mac Fhionnaile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín an Chladaigh
- XML Page 224
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Tá dáta fada bliadhanta ní rabh mórán comhnuidheacha annseó. Ach bhí fear amháin na chomhnuidhe i Machaire-galthan ar a dtabharfadh siad Mac Giolla Bhrighde.”
(continued from previous page)seisean leis an fhear bheag “Tá tú annseó agam lé seacht mbliadhna agus ní dhearn tú maith nó olc damh, agus má tá tú abalta a dhath a dheánamh tabhair tarrthail ar mó chuid eallaigh.
Chuaidh an Siosanach amach agus ní rabh cipín ar Árd na Buailibh nach rabh saighdiúr air.
Lean siad na saighdiúirí agus fuair siad greim ortha. Bhuail siad agus mharbhuigh siad iad agus bhain siad daobhtha an t-eallach agus thug siad arais ag Mac Giolla Bhrighdhe iad.
“Anois” a dubhairt Mac Giolla Bhrighde, “fad is a bhí tú annseó agam-sa ní dhearn tú acht trí ghaire agus caithfhidh tú ughdar na dtrí ngáire sin a thabhairt damh-sa sul a n-imthighidh tú.
“Ní feárr duit sin nó gan a chluinstean” arsa an Siosanach. Acht chaithfheadh Mac Giolla Bhrighde ughdar na dtrí ngáire sin a fhaghail.
“Bal” arsa an Siosanach, “an chéad ghaire, bean bhocht a thainig isteach agat agus nuair a chuaidh tú a thabhairt déirce duithe thuit cuid den airgead ar a’ talamh agus chuaidh tú a gcruinniú(continues on next page)- Informant
- Seán Uí Curráin
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Machaire Gathlán, Co. Donegal