School: Gort an Choirce

Location:
Gort an Choirce, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Mac Giolla Easboic
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 33

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 33

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gort an Choirce
  2. XML Page 33
  3. XML “An Cat Dubh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ar chor ar bith acht an diabhal."
    Thionntuigh an cat thart agus dubhairt sé.
    "A Shagairt bhig bheadaigh caidé in bhaint atá agat diomsa. Tá a gcuid aithreach agus maithreach agus a gcuid gar-aithreach agam agus tá súil agam iad-san bheith liom fosta."
    "Bhal" a deir an sagart. "Cá leigim-se leat iad. Taisbeanfaidh mise daoibh gur an diabhal atá ann."
    D'iarr an teaglach air iad a bhaisteadh acht ní thionntochad an t-sean bhean leis ar chor ar bith.
    Chuir an sagart air a ribín agus thoisigh sé a léigéadh. D'éirigh fear aníos fríd an tábla agus deir an sagart leis
    "Cá h-áit a raibh tú nuair a bhí an ribín orm-sa?"
    Bhí mé thíos agus iad a baint na slabhruigheacha díom" agus "cá raibh tú nuair a bhí mise a coisriochadh an tighe," deir an sagart.
    Bhí mé thios faoí'n tábla ag ithe na gcnámh agus d'éirigh sé agus thug sé leis an t-sean bhean agus bhí cúl an tighe leis fosta.

    Fuaras an sgéal seo ó Séamus Ó Fíoruisge (?)
    Fuair seisean é ó na uncal - Pádraic Mac Fhionnlaoich as Caol Druim.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Séamus Ó Fíoruisge
    Gender
    Male