School: Gort an Choirce

Location:
Gort an Choirce, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Mac Giolla Easboic
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 94

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 94

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gort an Choirce
  2. XML Page 94
  3. XML “An tAmhrán Breágach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Chonnaic mé coinín indé 'cur cliabh ar chat.
    Bhí tarbh mór baineann ar a dhruim leis i mála breach
    Bhí sionnach go brónach agus é ag caitheamh tobac
    An bhró-mhuilinn ar eiteóig agus í ag tomhas na hÉireann thart.
    Chonnaic mé iolar a's uan ag imirt ar thráigh Phléis-Chuain
    Bhí fiadh as sionnach ag seinm ar chláirsigh chiúin
    Bhí coiste gliomach faoi tuilteacha ar sráid ar shiubhal
    Bhí cailín beag plucach ann agus gan "cuid aicí acht áit a súl"
    Chonnaic mé an domhan ag iomain ar bhórd an Ríogh
    Bhí Íarla an Chábhain ann agus a bhearad ar Eoghan Ó Néill
    Bhí an naoisc i's an fheannóg agus an grán 'aca chun a dhíol
    Agus bhí nead ag an chána i mbrollach bean Iarla na Midhe.
    Chonnaic mé Éire le réabhóig ar mhullach a cinn
    Frog agus grápa aicí 'baint féir ar shráid Dhúin na- nGall
    Péist-chapaill a's cearc sléibhe agus creabhar caoch a fás ar a ndruim
    cearc uisge 'deanamh léinte de'n fhéar a bhí fás ar an fhionn.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Iníon Ní Chuinneagáin
    Gender
    Female