School: Caiseal na gCor (roll number 3294)
- Location:
- Caiseal na gCorr, Co. Donegal
- Teacher: Donnchadh Mac Giolla Chearr
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caiseal na gCor
- XML Page 278
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí fear bocht agus a bhean n-a gcomhnuidhe comhgarach de choill mhóir. Ní rabh de chloinn acu acht geirrseach bheag amhain trí bliadhna de aois.”
(continued from previous page)bheannuighthe ar a méur, agus bhí sí fíor chinnte annsin go rabh an cailín cionntach, agus chuir sí an cheist an triomhadh uair. " Char fhosgail mé" arsa'n cailín. Annsin thainig fearg mhór ar an aingeal. " Ó tharla nar umhluigh tú damhsa agus gur fhosgail tú an doras crosta ní bheidh tú feasta imeasg páistí maithe.
Le sin thuit sí in a cnap codlata ar an urlar agus nuair a mhusgail sí chonnaic sí gur i lar coilleadh a bhí sí. Thug sí iarraidh sgairtigh ach saruigh uirthí nó chaill sí usaid a teanga. Thug sí iarraidh reachtail as an choill ach d'fás na crainn comh tuigh sin nach rabh sí in dhan a bealach a dheanamh. Luigh sí síos arais agus chaoin ní b'aoirde na chaoin sí ariamh agus le trum annroigh as caoineadh fuair an cailín bocht bás.- Collector
- Caitlín Ní Dubhthaigh
- Gender
- Female
- Address
- An Bhealtaine Íochtarach, Co. Donegal
- Informant
- Máire Ní Sidheaill
- Gender
- Female
- Address
- An Bhealtaine Íochtarach, Co. Donegal