School: Cnoc na Naomh
- Location:
- Cnoc na Naomh, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Cnáimhsighe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cnoc na Naomh
- XML Page 19
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Seanscéal
“Bhí fear ann in am amháin agus ní rabh fhios aige cá h-áit a gheobhadh sé bean mhaith le na chuid airgid a chongbhail.”
Sean-sgéalBhí fear ann in am amháin agus ní rabh fhios aige cá h-áit a gheobhadh sé bean mhaith le na chuid airgid a chongbhail. Lá amháin bhí sé ar an aonach agus chonnaic sé triúr cailíní. Bhí beirt aca gléasta go deas agus bhí an bhean eile go measardha cóirighthe agus ní rabh amaidigh ar bith ag cuir as dithe. Dar leis fán go dtiocfadh leithe seo a bheith maith go leór agus chuir sé ceist uirthí an bpósadh sí é. Dubhairt sise go rabh sí sása. An lá thar na bharach pósadh iad agus chomhnuidhe siad i gcuideachta a chéile ó sin amach. Nuair a bhí siad seachtamhain pósta dubhairt an fear go gcaithfeadh seisean a dhul chuig a chiud oibre. "Níl a dhath le deánamh agat-sa ach mála na mine a snathadh leis an bhain." Ní rabh fhios aici caidé an rud min agus nuair a d'imthigh an fear thosaigh sise a dh'amharc ar an mhála. Thuit snathad isteach sa mhin uirthi agus thug sí amach í go dtí an t-árd agus chaith sí í. Nuair a fuair sí an tsnathad bhí an mhin ar shiubhal leis an ghaoth.
Nuair a thainig an fear 'na bhaile an oidhche sin dúbhairt sé "Chuir sé sneachta annseo ó shoin", " Ó leóga níor chuir" arsa (sin) sise " an mhin a chaith mise ag cuartughadh snathaidhe a chaill mé innti." "Tchídhim" arsa seisean. "Shíl mé go rabh tú críonna go dtí seo" An lá thar na bharach dubhairt sé go gcaitheadh sí an cál(continues on next page)- Collector
- Aodh Mac Gabhna
- Gender
- Male
- Address
- An Ardaidh Bheag, Co. Donegal
- Informant
- Brighid Bean Mhic Eachmharcaigh
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female
- Address
- Caoldroim Uachtarach, Co. Donegal