Scoil: Cnoc na Naomh
- Suíomh:
- Cnoc na Naomh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Cnáimhsighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc na Naomh
- XML Leathanach 19
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanscéal
“Bhí fear ann in am amháin agus ní rabh fhios aige cá h-áit a gheobhadh sé bean mhaith le na chuid airgid a chongbhail.”
Sean-sgéalBhí fear ann in am amháin agus ní rabh fhios aige cá h-áit a gheobhadh sé bean mhaith le na chuid airgid a chongbhail. Lá amháin bhí sé ar an aonach agus chonnaic sé triúr cailíní. Bhí beirt aca gléasta go deas agus bhí an bhean eile go measardha cóirighthe agus ní rabh amaidigh ar bith ag cuir as dithe. Dar leis fán go dtiocfadh leithe seo a bheith maith go leór agus chuir sé ceist uirthí an bpósadh sí é. Dubhairt sise go rabh sí sása. An lá thar na bharach pósadh iad agus chomhnuidhe siad i gcuideachta a chéile ó sin amach. Nuair a bhí siad seachtamhain pósta dubhairt an fear go gcaithfeadh seisean a dhul chuig a chiud oibre. "Níl a dhath le deánamh agat-sa ach mála na mine a snathadh leis an bhain." Ní rabh fhios aici caidé an rud min agus nuair a d'imthigh an fear thosaigh sise a dh'amharc ar an mhála. Thuit snathad isteach sa mhin uirthi agus thug sí amach í go dtí an t-árd agus chaith sí í. Nuair a fuair sí an tsnathad bhí an mhin ar shiubhal leis an ghaoth.
Nuair a thainig an fear 'na bhaile an oidhche sin dúbhairt sé "Chuir sé sneachta annseo ó shoin", " Ó leóga níor chuir" arsa (sin) sise " an mhin a chaith mise ag cuartughadh snathaidhe a chaill mé innti." "Tchídhim" arsa seisean. "Shíl mé go rabh tú críonna go dtí seo" An lá thar na bharach dubhairt sé go gcaitheadh sí an cál(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Aodh Mac Gabhna
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Ardaidh Bheag, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Brighid Bean Mhic Eachmharcaigh
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Caoldroim Uachtarach, Co. Dhún na nGall