School: Cnoc na Naomh
- Location:
- Cnoc na Naomh, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Cnáimhsighe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- "An Tom beag bídeach bídeach sméár"Bhí cailín ann a'n uair amháin, agus nuair a bhí sí ag sguabadh an toighe lá fuair sí sé pighne ar an urlár. Lá aonaigh a bhí ann, agus d'imthigh sí 'un a aonaigh le gabhar a cheannacht. Ar an bhealach 'na bhaile duithe, chonnaic sí tom beag, bídeach, bídeach sméar, agus d'iarr sí ar an ghbhar a ghabhail 'na bhaile go n'iosadh sise an tom beag, bídeach, bídeach sméar.
Dubhairt an gabhar nach ngabhfadh, agus d'iarr sí ar an mhadadh an gabhar ithe nuair nach ngabhfadh an gabhar 'na bhaile go n'iosfadh sise an tom beag, bídeach, bídeach sméar.
Dubhairt an madadh nach n-iosfadh, agus d'iarr sí ar an bhata an madadh a bhualadh nuair nach n-íosadh an madadh an gabhair, nuair nach ngabhfadh an gabhar na bhaile go n'íosadh sise an tom beag, bídeach, bídeach, sméar.
Dubhairt an bata na mbuailfeadh, agus d'iarr sé ar an teinidh an bata a dhóghadh nuair nach mbuailfeadh an bata an madadh, nuair nach n-íosadh an madadh an gabhar, nach ngabhfadh an gabhar 'na bhaile go n-íosfadh sise, an tom beag, bídeach, bídeach sméar.
Dubhairt an teinidh nach ndoighfeadh, agus(continues on next page)- Collector
- Mairín Ní Chnaimhsighe
- Gender
- Female
- Informant
- Cáit Ní Dhubhgáin
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Female
- Address
- An Ardaidh Bheag, Co. Donegal