School: Caiseal na gCorr
- Location:
- Caiseal na gCorr, Co. Donegal
- Teacher: Donnchadh Mac Giolla Chearr
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caiseal na gCorr
- XML Page 253
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí tighearna 'na chomhnuidhe thior ar an Chaiseal. Bhí triúr ingeanach aige agus beirt mhac.”
(continued from previous page)Dubhairt sé léithe go rabh sé ag dul anonn a chuartú ingean Rí na Gréige. Cúpla lá sul ar imthigh sé rinn a áthair mór bád do. An mhaidín a bhí sé ag imtheacht, thug sé brat do agus d'iarr sí air sin a chur in a chuid éadaigh, agus da rachadh sé go brath ar an fhairrge nach mbáithfidhe é.
D'imthigh siad leo agus nuair a tháinig siad go dtí an áit d'fhág sé a bheirt dearbrathacha fhéin shíos ag an tráigh agus chuaidh sé suas go dtí an caislean, bhí sise, na seasamh shuas ar fhuinnróg barr, agus nuair a chonnaic sí Eamonn, tháinig sí anuas agus chuir sí ceist air caidé bhí sé a chuartú, agus dubhairt sé léithe go rabh sé ag cuartú eise. Dubhairt sí leis go gcaithfeadh sé dul go dtí Gruaga an Gáire, agus ceist a chur air caidé a bhain an ghruag do no caidé bhain an gáire as.(continues on next page)- Collector
- Seosamh O Dubhgáin
- Gender
- Male
- Address
- An Bhealtaine Íochtarach, Co. Donegal
- Informant
- Annraoi O Dubhgain
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Address
- An Bhealtaine Íochtarach, Co. Donegal