School: Mín na Croise
- Location:
- Mín na Croise, Co. Donegal
- Teacher: Máire C. Ní Choileáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Croise
- XML Page 114
- XML “An Bás”
- XML “Bráthair Ó Concubhar”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Sagart Mór na Braille, an Gearrfiadh Donn, Coinín i bPoll, an Madra Gaedhealach agus an Láir Bhain gur casadh deán orthú, agus ní thiocfadh leobhtha [ghabha]? Trasna. “Gabhadh sibh uilig suas ar mo dhruim arsa’n Láir Bhan agus fágfaidh mé slán thall sibh. Maith go leór arsa siadsan agus Chuaidh an t-iomlan dearg suas ar dhruim an lair bháin. Siubhal sí leíthe go faithcheallach go rabh sí leath bealaigh trasna’n deán, thóg sí a ruball annsin agus bháidh an t-iomlan aca agus rith leíthe abhaile ag gaíridhe.
- Bhí buachaill ann tá ibfad ó choin agus bhíodh sé amuigh go h-antrathach ‘san oidhche ag imirt cárdaí. Bhí sé ag teacht abhaile an oidhche seo go mall agus casadh bean air agus chuir sí forán air agus d’fiafruigh dó an imreochadh sé cluichthe. Dubhairt sé go ndeánfadh agus thug sé amach na cárdaí agus d’imir siad agus bhain sise’n cluichthe.
“Anois” arsa sise. “Caithfidh tú d’ainm a sgríobhadh le do chuid fola fhéin agus an sgríbhinn a thabhairt damhsa” Rinne sé seo agus nuair a fuair sí an sgríobhinn, chuir sí isteach n-a beul é agus shlug sí é. Chuaidh(continues on next page)- Informant
- Máire Ní Choileáin
- Gender
- Female
- Age
- 34
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Gleann Cholm Cille, Co. Donegal