School: Mín na Croise
- Location:
- Mín na Croise, Co. Donegal
- Teacher: Máire C. Ní Choileáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí sin ann agus is fada ó bhí. Bhí beirt fear na gcomhnuidhe le chéile agus Murchadh Beag agus Murchadh Mór a bheárfaidh ortú. Oidhche amháin tháinig Murchadh Mór isteach agus pláta mór súbh craobh leis agus d’fág sé an súbh craobh ar bhárr an dreisiúr agus chuaidh i luighe. D’éirigh Murchadh Beag i lár na h-oidhche agus d’ith sé an subh-craobh agus nuair a mhuscail Murchadh Mór ar maidin, bhí sé ar mire.
“Mise imbannuigh a Mhurcaid Bhig go gcuiridh mé múineadh ort an iarraidh seo” arsa Murcadh Mór agus d’imthigh sé leis a chuartughadh slaite.
Caidé atá ‘dhith ort arsa’n t-slat. “Slat a sgiúrfas tón Murchaidh Bhig a d’ith mo chuid súbh-craobh aréir”. “Ní bhfuigh tú mise” arsa’n t-slat “go bhfuig tú tuagh a gheárrfais mé”.
Tuagh a gheárrfadh slat
Slat a sgiúrfadh ‘tón Mhurcaidh Bhig
A d’ith mo chuid subh-craobh aréir
D’imthigh sé leis fhad leis an tuagh.(continues on next page)