School: Mín na Croise
- Location:
- Mín na Croise, Co. Donegal
- Teacher: Máire C. Ní Choileáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Croise
- XML Page 245
- XML “An Gadaí Dubh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí sin ann agus is fada ó bhí. Bhí rí i n-Éirinn agus bhí triúr mac aige. Fuair an chead bhean a bhí aige bás agus phós sé ath- uair. Bhí an leas-máthair mar ba dhual do gach leas-mhathair, go h-iongantach olc do’n chead clann agus ní rabh fhios aicí caide’n dóigh a bhfeárr deireadh a chuir leobhtha.
Lá amháin chuaidh sí fhad le Cailleach na gCearc a bhí anns an chómharsantacht cucí go bfeiceadh sí goidé’n cómhairle a bheárfadh sí sin duithe, le deireadh a chuir leis na stócaí. “Maise” arsa’n cailleach ma bheir tú sparan óir [dothusa]? Innseochaidh mé duit goidé a dheánfas tú”. Thug an bhean duithe an t-ór agus thug sise paca cárdaí duithe ar a son.
“Anois” arsa’n Cailleach “nuair(continues on next page)- Informant
- Pádruig Mac g Ceannfaele
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Gleann Cholm Cille, Co. Donegal