School: An tSraith
- Location:
- An tSraith, Co. Mayo
- Teacher: Seán Ó Catháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An tSraith
- XML Page 587
- XML “Inbhear”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Túairim is dhá chéad go leith blíadhhain ó shoin bhí fear agus bean i n-a gcómhnuidhe i mbhaile Úr inaice lé h-Inbhir. Bhí mac amháin acú agus núair a bhí sé timcheall ceithre blíadhain d'aois fúair a athair bás. Ní raibh aon airgead acú agus ní raibh rud ar bith lé n-ithe acú. Bhíod an bhean ag dul thart ag íarraidh déirce chun a mac a thógáil. Bhí muinntir na h-áite ag tógáil an bhúachalla go raibh sé timcheall is fiche blíadhan d'aois. Bhí píosa beag talmhan acú agus churidh sé amach lá ag cur fataí. Núair a chonnaich na daoine go riabh sé indan obair a dhéannm dubhairt síad nai mbéad síad ag tógáil é níos fuide. Chuaidh an bhean amach lá ar na bhárach agus fúair sí rud i ngach teach ach teach amháin. Níor thug an bhean rud ar bith dí agus deirtear nach raibh mórán lé n-ithe ag an mnaoí sin, go bhfuair sí bás leis an ocras.(continues on next page)
- Collector
- Áine Ní Cuideagáin
- Gender
- Female
- Address
- An tSraith, Co. Mayo
- Informant
- Pádraig Breathnach
- Gender
- Male
- Address
- An tSraith, Co. Mayo