School: An tSraith
- Location:
- An tSraith, Co. Mayo
- Teacher: Seán Ó Catháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An tSraith
- XML Page 614
- XML “An Doineann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 1. Tímcheall is fiche bliadhain ó shoin bhí bean dar bh'ainm Áine Ní Lochlann ar an dtráigh san mBaile Thíar. THáinig stoirm agus tóirneach. BHúail splannc teinntrighe léi agus fritheadh marbh ar an dtráigh í.
2. Bhí cailín óg thíos i Seana trí bliadhna ó shoin la dá raibh stoirm ann chuir a athair go dtí an portach í ag lorg na mbó. Bhí an tóirneach go trom agus níor thainig sí abhaile. Is amhlaidh a thainig splannc teinnteighe ina coinne agus fritheadh í féin agus an dhá bhó marbh ins an bportach.
3. Tíar i d-Túr Glas, cúpla blaidhan ó shoin, thainig splannc teinntrighe isteach tríd an simné agus d'imthig sé amach [?] an bhfuinneóig. Bhí madadh ar aghaid na fuinneóg agus mharbhuigheadh é acht thainig muinntir an tighe slán as.
4 Bhí bean tamall ó shoin ina cómhnuidhe i Raith. An fhaid a bhíod sí a(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Muilligh
- Gender
- Female
- Address
- An tSraith, Co. Mayo