School: An tSraith
- Location:
- An tSraith, Co. Mayo
- Teacher: Seán Ó Catháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An tSraith
- XML Page 629
- XML “Inis Gluaire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá oileán beag timcheall is seacht míle ó'n áit seo ar a dtugtar Inis Gluaire. Níl ann acht fiche acra talmhan agus tá an chuid is mó de fé carraigreacha agus fé gainimh. Tá sé dhá mhíle ó'n Geata Mór amuig san bhfairrge. Is beag atá sí níos aoirde ná an fhairrge féin. Díreach ar a aghaidh amach tá fothracha Sean-Mainistreach na Crosaire.Is ann a bhí Naomh Mochaomhóg ina chómhnuidhe ina aonar. Tá fothracha a chillín le feiceáil ann fós. Deirtear gur bheannuigh sé leath an oileáin agus gur ruaig sé na lucha agus na franncaigh agus na piastí amach as agus gur imthigh siad isteach ins an leath eile. Nuair a bhíonn duine ag déanamh tighe nua théigheann sé go dtí an leath atá beannuighthe agus tógann sé cuid de'n gainimh leis. Deirtear nach mbéadh luch nó franncach ins an dteach sin.Timcheall an oileáin sin atá Iris Domhanaigh agus is ann a chaith na ceithre(continues on next page)
- Collector
- Máire Ní Mhuilligh
- Gender
- Female
- Address
- An tSraith, Co. Mayo
- Informant
- Seán Ó Gionnachtaigh
- Gender
- Male
- Address
- An tSraith, Co. Mayo