School: An tSraith
- Location:
- An tSraith, Co. Mayo
- Teacher: Seán Ó Catháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An tSraith
- XML Page 631
- XML “Oíche Shain Mháirtín”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bíonn féile Sain Mháirtín againn ar an aonmhadh lá déág de MhÍ na Samhna. Is beag teach nach mbíonn feoil éanlaithe aca le nithe ag an suipéar ar an oidhche sin. I ngach teach tógann siad cearc nó lacha nó gé agus baintear an ceann dí agus doirtear an fhuil san ceithre cúinne de'n tighe. Fágtar an fhuil ann sin go dtí go mbíonn sé tirm. Ithtear an fheoil oidhche Shain Mháirtín agus credieann na daoine go mbéadh an ráth ortha ar feadh na bliadhna.Ins an tsean-aimsir bhí Shain Mháirtín ag gabhail thart ar an oidhche sin agus bhí sé stiughtha leis an ocras. Sa deireadh chonnaich sé solus beag i dteach. D'imthigh sé isteach agus dhruid sé suas cois na teineadh. Thóg sé cathaoir agus shuidh sé síos. Taréis tamaill d'fhiafruigh sé biadh d'fhear an tighe agus dubhairt seisean ná raibh blas an bídh ins an dtigh.(continues on next page)
- Collector
- Máire Ní Mhuilligh
- Gender
- Female
- Address
- An tSraith, Co. Mayo
- Informant
- Seán O Gionnachtaigh
- Gender
- Male
- Address
- Bun an Mhuilinn, Co. Mayo