School: An Sraith Mhór (roll number 15208)
- Location:
- An Srath Mór, Co. Donegal
- Teacher: Brighid Ní Ghaodhchain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Sraith Mhór
- XML Page 21
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Chuaidh thriúr fear mach ar bhád bheag lá. Bhí tailliúr, gábha, agus gréasaidhe ann.”
SgéalChuaidh thriúr fear amach ar bhád bheag lá. Bhí tailliúr, gábha agus gréasáidhe ann. Fuair siad ar-aghaidh go maith go dti go rabh siad í bfád amuigh ar an fhairrge. D'éirigh an ghaoth go tobann thionntúigh siad arais acht bhí siad í bhfad amuigh agus thosnúigh na tonna ag theacht isteach 'san bhád. Tháinig eagla an mhór ar na fearaibh agus arsa siadhsan, "Níl néart againn ar gan a bhéith báidhthe agus is fearr dúinn a ghuidhe" "Och" arsa an táilliúr "Ní thig liomsa guidhe mar rinne mé dearmad ar mo chuid urnaigh"," Tá, mise ar an nos ceadna" arsan gabha." Annsin thug an gréasaidhe ar fhéin guidhe ar a son uilig agus dubhairt sé "A Dia uile chumháchthaigh char iarr mé dadaidh ort le seacht mbliádhna aróimhe a's ma bhéir tu muid slán sábhailte ná bhaile ní bhéirfidh mé buáidréadh ar bith dhuit go cionn seacht mbliádhna arais.Scéal
“Chuaidh fear isteach i mbaile mór am amháin agus cheannuigh sé péire bróg, comh luath agus bhí siad cheannuighthe age chuir sé na bróga air agus thug sé aghaidh ar an bháile.”
Chuaidh fear isteach i mbaile mór am amháin agus cheannuigh sé péire bróg Comh luath agus bhí siad cheannuighthe aige chuir sé na bróga air agus thug sé aghaidh ar an bháile. Nuair abhí sé tuairim agus leath mhíle on bhaile mhór bháin sé na bróga de aráis agus d'imthigh sé leis costarnocht, char mhaith leis bhéith ag caitamh na bróga gan adhbar. Bá sin mar na ghnáthach leis na daoine a dheánam. bhainfheadh siad a gcuid bróga dóbhtha agus d'iomchurochadh siad go mbíodh siad comhgárach d'on bhaile mhór, Annsin(continues on next page)- Collector
- Seosamh Ó Gallobhair
- Gender
- Male
- Informant
- Seamús Ó Gallobhair
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Carraig an Tiompáin, Co. Donegal