School: An Sraith Mhór (roll number 15208)
- Location:
- An Srath Mór, Co. Donegal
- Teacher: Brighid Ní Ghaodhchain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Sraith Mhór
- XML Page 23
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí fear ag iasgaireacht cóis fairrge lá. Bhí chuid mhór daoine ag snámh thart fósta. Thárla go bfácaidh an íasgaire fear dá bháthadh.”
(continued from previous page)bháin sé an t-súil amach as an fhéar. Bhí droch dhóigh air leis an leath-shúil agus lean sé an t-iasgaire fáchoinne a luach.Sé Domhnall Ó Chonáill abhi mar bréitheamh ag an glaoidh. Sé an bréitheamhnas a thug sé na seo. An fear a dhul amach agus é féin a chuir ins an conntábhairt céadna agus abhí sé ann nuair a thug an t-iasgaire é slán dá dtiocfhadh sé amach as an fháirrge gan aon dhuine tarrtháil a thábhairt air geobhadh sé luach na suile acht cá ndéanfaádh sé seo. Fuair an t-iasgaire ar shiubhal saor.Scéal
“I bhfad o shoin bhí bean ann agus tugadh an fear saice a mac agus dearbhrathair suas 'san chúirt siocar gaduidheacht a rinne siad.”
SgéalI bhfad o shoin bhí bean ann agus tugadh an fear saice a mac agus dearbhrathair suas 'san chúirt siocar gaduidheacht a rinne siad. Socruigh an breitheamh go gcuirfidhe beirt acú chun báis agus go leigeadh sé saor cé bith duine a thógadh an bhean, Bhí brón mór uirthi gan dabht agus sa deireadh shocruigh sí mar seo é An dearbhrathair a leigint saor mar arsa sise Geobhtha fear i dtom mac imbruin ach ní fheicfidh mise mac mo mháthara go bráthach." Leigeadh saor dearbhrathair. Go goirid indiaidh seo posadh í arais agus bhí mac eile aicí,- Collector
- Eibhlín Ní hÉarlaigh
- Gender
- Female
- Informant
- Séamus Mac Aodhchain
- Gender
- Male
- Age
- 76
- Address
- Béal an Átha Móir, Co. Donegal