School: An Sraith Mhór (roll number 15208)
- Location:
- An Srath Mór, Co. Donegal
- Teacher: Brighid Ní Ghaodhchain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus i mbomaite abhí siad imBaile-Bó-Feidh. Chuaidh Seaghan isteach arís ag bean na gcardaí agus toisigh sé ag coilleadh go dtí go rabh lán mála óir ag an bean, agus dubhairt sí le Seaghan nach dtiocfadh le duine ar bith an oiread sin ór a iom[?] agus d'innis Seaghan dithe fa'n sparán a bhí aige agus d'iarr sé an sparán go bfeicfeadh sí é agus nuair a fuair sí é chuir sí é ina póca agus d'iarr sí ar beirt fhear Seaghan a churt amach. Fuair Seaghan an fhideog o duine de na buachaillí agus shéid se é ag radarc saighdiuir amach as agus toisigh siad ag troid le bean na gcardaí. D'iarr sise ar Seaghan leigint dithe nach rabh sí ach ag deanamh grinn agus séid Seaghan an fhideog arís agus chuaidh na saighdiúirí isteach. D'iarr sise air an fideog a thaisbeant díthe agus nuair a fuair sí é rinn sí leis cosamhail leis an spáran agus d'iarr sí Seaghan a chur amach annsin fuair Seaghan an clocáin draoidheachta agus cuaidh sé isteach arís.
- Collector
- Eibhlín Ní hEarlaigh
- Gender
- Female
- Informant
- Seamús Mac Aodhchain
- Gender
- Male
- Age
- 76
- Address
- Béal an Átha Móir, Co. Donegal