School: An Sraith Mhór (roll number 15208)

Location:
An Srath Mór, Co. Donegal
Teacher:
Brighid Ní Ghaodhchain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 70

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 70

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Sraith Mhór
  2. XML Page 70
  3. XML “Orthaí agus Leigheasanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    10 "Lá Bealtaine" sin an cead lá de mí na bealtaine. Seo an lá a mbíodh na daoine in -innibh an bainne a ghoid uadh na comhsanaí. I bhfad o shoin bhainfeadh na daoine uilig "blátha buidhe na Bealtaine" agus caithfeadh siad iad thart fa doras an toighe agus doras an boithighe annsin ní thiocfadh le duine ar bith a gcuid bainne a ghoid go cionn bliadhna. Ní dhean duine ar bith na rudaí sin anois.
    11. "Seachrán" Léanann seachrán do áiteacha. Ta áiteacha ann nach dtiocfadh leat siubhal ortha gan dul ar seachrán. "Léigheas" do chota a bhaint duit agus é a thionntach amhach agus é a chur ort arís.
    "An fáth go dtig seachrán ar dhuine". Dear na seandaoine nuair a thig seachtán ort, go bhfuil na daoine beaga ag deanamh imirce, agus go dtugann siad an duine sin leobhtha an bealach ceadhna a bhfuil siad féin ag dul.
    Laoigh na nBuidheann"
    12. 'Sin órthaidhe a bhí acu i bhfad o shoin. Deirfidh é do dhuine a bhéadh ag dul go dtí'n óilean úr no dhuine a bhéadh le posadh. Bhí cúig bhersa déag ins 'san laoigh agus caithfeadh an duine a gnidheadh an orthaidhe an laoigh sin a rádh go h-iomlan trí h-uaire gan dul fríd agus da dtigeadh leis sin a dheanamh bhéadh ádh maith ort ach da téigheadh sé fríd bhéadh droch ádh ort.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. charms (~104)
    2. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    Language
    Irish