School: An Sraith Mhór (roll number 15208)
- Location:
- An Srath Mór, Co. Donegal
- Teacher: Brighid Ní Ghaodhchain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Cille rachtáil frid gartain agus gan air ach bróg amhain. Bhainfeadh a lán túislí as ba beag na bhfuair an namhaid greim air. Chuir sé a mhallacht annsin ar duine ar bith nach gcuirfeadh an dá bhroig air lé chéile
6 Sagart, maighistir sgoile, bean raighalta, ní bhéidh i nGleann Domhain go brathach.
7 Dubhairt Colm Cille nach rachadh bradain go deo faoi droicead aa i nGartán. Sé an sgéal no lá amhain bhí Naomh Colm Cille ag dul thart 'san áit seo agus tháinig ocras mór air. Chuaidh sé isteach i dteach abhí ag taobh an droichid seo. Bhí pota ar an teine. D'iarr sé giota de cé bhith abhí 'san phota. Dubhairt bean an toighe nach rabh ann ach uisge. Bhí fhios ag Colm Cille go maith go rabh bradán. Dubhairt sé lé bean an toighe is fíor anois nach bhfuil 'san phota ach uisge agus ó'n lá seo amach ní rachaidh bradan faoi an droichead sin ar a bhealach na fairrge. Ó'n lá sin amachtagann na bradain go dtí an droichead seo ach tionntuigeann siad annsin agus arais chun locha Gartáin leobhtha arais. Teidheann siad bealach eile annsin go dtí an fairr[ge?]
Nuair a d'amharc an bhean 'san pota ní ra{bh?] ann ach uisge.
8. Rinne Naomh Colm Cille targaireacht fa Loch Gartáin .i. go mbáidhfidhe beirt fhear ann, Nior chualathas go fóill gur báidheadh iad.
9.Tá átha trasna ar loch gartáin. deirtear gur ghnáthach le Naomh Colm Cille a dhul anonn agus anall ortha agus gurab é a rinne iad. Tá sgéal ann adéireas(continues on next page)- Collector
- Áine Ní hEarlaigh
- Gender
- Female
- Address
- Ard an Chrainn, Co. Donegal
- Informant
- Seán Ó hEarlaigh
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Ard an Chrainn, Co. Donegal