School: Ceathramhadh Ceanainn (C.) (roll number 10842)
- Location:
- An Cheathrú Cheanainn, Co. Donegal
- Teacher: Áine Ní Dhochartaigh
![The Schools’ Collection, Volume 1074, Page 10](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1074%2FCBES_1074_10.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1074, Page 10
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal - Croí an Éin (continued)
“Gréasaidhe a bhí ann. Bhí sé pósta agus bhí dhá stócach ag a bhean.”
(continued from previous page)bliadhna. D'fhéach mé gach aon dochtúir leis ach níl siad ábalta é 'leigheas."
"Leigheasfaidh mise é," ars an stócach. Thug sé ubhla glas dó le h-ithe.
D'fhás crann as an ubhla.Tharraing sé an méid corruption a bhí ann
Thug sé ubhla dearg dó ansin. Thuit an crann. Bhí mac an chaftaoin leigheasta.
" Caidé bhéarfaidh mé duit?" ars an caftaoin. "Níl a dhath agam ach dachad punnt a's bhéarfaidh mé duit é."
"Níl mé ag iarraidh a dhath" a deir an stócach, " ach mé fhágailt ar an talamh céadhna a d'fhág me. D'fhág an caftaoin istigh ar an talamh sin é. " Seo dhuit cúig phunnt, " ars an caftaoin, agus ghlac an stócach é. Bhí an dá ubhla leis-ubhla glas agus ubhla dearg.
Bhí caisleán millteanach deánta(continues on next page)- Collector
- Áine Ní Dhochartaigh
- Gender
- Female
- Address
- An Fál Carrach, Co. Donegal
- Informant
- Aoidh Uí Brógáin
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Occupation
- Gréasaí
- Address
- Gort an Choirce, Co. Donegal