School: Ceathramhadh Ceanainn (C.) (roll number 10842)
- Location:
- An Cheathrú Cheanainn, Co. Donegal
- Teacher: Áine Ní Dhochartaigh
![The Schools’ Collection, Volume 1074, Page 13](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1074%2FCBES_1074_13.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1074, Page 13
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal - Croí an Éin (continued)
“Gréasaidhe a bhí ann. Bhí sé pósta agus bhí dhá stócach ag a bhean.”
(continued from previous page)dó a chuid éadaigh agus chuir culaith an tsaghairt air. Chuaidh sé annsin ar an tsráid céadna aráis. Casadh cailín an bhean ruaidh air. D'iarraidh an tsaghairt. "Tá bean thuas annseo a bhfuil crann ag fás amach as a béal agus í crochta amach ar an fhuinneóig ar uachtar."
Chuaidh an saghart suas chuici."Tá an bás agat" ar sé. Innis do chuid peacaidh damhsa sul a bhfaghaidh tú bás". Rinne sí faoiside annsin cha rabh an crann ag tuitim. "Char innis tú do chuid peacaidh uilig damhsa" ar seisean.
Smaointigh sí ar chailleach na gcearc agus an púdar, agus d'innis sí dó an scéal uilig. Dubhairt seisean annsin go gcaithfeadh sí an púdar ceádna a ól. Thug sé ubhla glas dithe annsin, agus thuit an crann.(continues on next page)- Collector
- Áine Ní Dhochartaigh
- Gender
- Female
- Address
- An Fál Carrach, Co. Donegal
- Informant
- Aoidh Uí Brógáin
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Occupation
- Gréasaí
- Address
- Gort an Choirce, Co. Donegal