School: Más an Easa (C.) (roll number 14776)

Location:
Masiness, Co. Donegal
Teacher:
Máire Ní Cholchuin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1075, Page 307

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1075, Page 307

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Más an Easa (C.)
  2. XML Page 307
  3. XML “An Gobán Saor”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    iongantas ar an máighistir nuair a chonnaic sé an cat cloiche. Tá obair bheag eile agam annso” ar seisean “agus téigheann sé cruaidh go leór ar chuid againn í dhéanamh, agus ba chóir duitse amarc an dheanfá í”. Thaisbean sé dó annsin an obair. Bhí táirne aige i gclár ar bhárr an tighe i bhfad suas anáirde, agus dubhairt sé leis an nGobán an táirne do thiomáine isteach sa chlár. Do thóg an Gobán a chasúr ‘na láimh agus chaith sé anáirde é. Bhuail sé an táirne go cruinn díreach ar an gceann agus thiomáin sé isteach sa chlár é. Nuair a chonnaic an máighistir é sin, dubhairt sé gurbh árd fhear ar fad a bhí ann agus thug sé obair dhó.
    Lean an Gobán de’n obair, go dtí sa deire go mb’é féin an máighistir. Chá raibh rud ar bith ag baint le teach nó le saoirseacht ná raibh sé i n-ann do. Bhí se de cháil air annsin na raibh aon saor sa domhan chomh mhaith leis. Aon áit ‘n-a mbeadh caislean nó teach mór le tógaint, cuirtí fios ar an nGobán chun bheith ‘na choraidhe agus ina mháighistir ar an obar. D’eirigh leis go maith. Fuair sé maoin agus saidhbhear.
    Nuair a bhí an Gobán ag dul in aois tháinigh Pádraig Naomhtha go h-Eirinn leis an gcreidheamh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Gobán Saor (~181)
    Folktales index
    AT0875: The Clever Peasant Girl
    Language
    Irish