School: Más an Easa (C.) (roll number 14776)

Location:
Masiness, Co. Donegal
Teacher:
Máire Ní Cholchuin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1075, Page 308

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1075, Page 308

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Más an Easa (C.)
  2. XML Page 308
  3. XML “An Gobán Saor”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    a sgaireadh agus ba mhó ná riamh an glaodhach a bhí ar an ngabán le h-eaglaisí agus cealla do thógaint. D'iarr Móiling Naomhtha air dair-theach do thógaint do i nGráig na Manach, agus go bhfaigeadh sé pé breath ba mhaith leis mar luach saothair. Nuair do bhí a chuid oibre déanta aige, chur a bhean, an Ruadhseach Dearg, d'iachaibh air gan díolaidheacht eile do ghlacadh ach lán an dair-thighe de ghráin seagail. Nuair a chuir an Gobán a mhian in iúl do'n naomh, d'órduigh sé súid do an dair-theach d'iompáil bun ós cionn. Do chuir an Gobán "trealais agus acfuinn" (gléas iompaighthe) air agus d'iompuig sé an tig gan clár do chur as ionad ná clár chorruighe ón áit. Annsan chuir an Naomh fios ar mhuinntir Uíbh Dhéagha agus d'iarr sé orra an dair-theach do líonadh d'arbhar, de cnáibh, d'ubhlaibh, d'urluachair, agus uile. Ar ghuidhe Mhóiling, deineadh gráin seagail de gach a raibh ann, agus rug an Gobán leis abhaile é. Lá'r na bhárach ní raibh aige ach carn cniumh. Dubhairt an Gobán le'n a mhac lá gur mhitid do pósadh. Dubhairt an mac gur chuma leis. D'imthigh an Gobán annsan agus mhairbh sé eaora agus bhain sé an craiceann
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Gobán Saor (~181)
    Folktales index
    AT0875: The Clever Peasant Girl
    Language
    Irish