School: Druim na Rath (roll number 12428)

Location:
Droim na Rátha, Co. Donegal
Teacher:
Éamonn Mac Dhúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 186

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 186

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Druim na Rath
  2. XML Page 186
  3. XML “Na Daoine Gortacha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    "Tá an cloigneachan sin na codladh anois creidim, tá mé corr a bheith marbh leis an ocras, éirogh agus fagh bamhal bhainne agus an pota bhrachain fa mo choinne, níl fhios agam féin cá h-áit a bhfuil siad."
    D'éirigh an bhean go h-iontac socair ciuin, agus síos an t-seomra leití fa choinne an bhainne. Fhad agus bhí sí fós d'éirigh m'óganach as an coirneál, chuir sé an plainneadh thart fa na chionn, agus fa na gualanacha, agus shuidh se i gcois na teineadh. Nuair a thainic an bhean leis an bainne shaoil sí gurbh e a fear féin a bhí ann agus shín sí an bhainne dó.
    "Cá bhfuil an bracan anois? arsa seisean i gcogar bheag agus thug sí leití an pota agus d'fág se i ag na taob. Thoisigh sé agus níor fhág se oiread agus sríbinn amháin ar tóin an phota. Shín sé an bhamal duithe annsin agus fhád agus bhí sise ag cur an bamhal agus an pota i dtaisgidh sín se e-féin ins an leabaidh arais agus leig sé ar go rabh sé na chodladh.
    Chuaidh an bhean na luighe annsin, acht nuair a rinne sí iarraidh a teacht isteach san leabaidh chuir an fear a bhí istuigh ceist uirtí an rabh an bhracain reidh aicí.
    "Maise spreaghadh ort! ars'an bhean, nar ith tú an mhéid a bhí san photaí agus shaoil mé go rabh thú ag dul a itte an pota agus uilig."
    "Och! Chan mise a d'ith e" ars'an fear, acht char chreid an bhean e, agus luigh sí síos. Acht ma luigh féin ni fhuair sí moran suimhneas no bhí an fear ag marganaigh go rabh se ag faghail báis leis an ocras agus b'eigean duithe éirigh arais.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1544: The Man who Got a Night's Lodging
    Language
    Irish
    Collector
    Éamonn Mac Dhúrnáin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Domhnall Ua Ghallchobhair
    Gender
    Male
    Age
    c. 75
    Address
    Doire Fada, Co. Donegal