School: Druim na Rath (roll number 12428)

Location:
Droim na Rátha, Co. Donegal
Teacher:
Éamonn Mac Dhúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 187

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 187

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Druim na Rath
  2. XML Page 187
  3. XML “Na Daoine Gortacha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    D'éirigh sí go h-iontach socair ciuin ar fad an iarraidh seo. Tharraing sí amac an griosach; chruinnigh sí na h-eibleóga ann aon acht (?) amháin go rabh áit beag amháin deánta aicí i lar teineadh. Annsin rinne si tuirtín beag de min choirce agus chuir sí ar na h-eibleógaibh le na rosadh agus shuidh sí féin shios ag cois na teineadh go mbeadh se reidh.
    Nuair a bhí sí na suidh tamall leig an fear san cóirneál gur mhusgail sé; leig se cupla mianfadhach as agus shuidh se suas ar uillin amháin ins an t-sraideóg agus d'amharc amhach.
    "An bhfuil an máidin ann a heinifín arsa seisean, agus d'éirigh se amach as an leabaidh agus shuidh sé ar stól beag beag san coirneal.
    "Níl" arsa sise," Rinne mé dearmad áran a deanamh fa choinne an bricfeasta agus tá me ag deanamh tuirtín beag ar an griosaigh."
    Tcím! Tcim! ars' an fear óg.
    Bhí na máide briste na sheasamh ag cois na teineadh. Fuair sé greim orthú agus thoisigh sé ag deanam díogeannaí beaga ins an luaithe. San deireadh thoisigh sé ag innse sgéil.
    "I mbaile Sagainne, ins an am fadho," arsa seisean, "bhí fear ann a bhí roinnt mór dé thalamh mhaith aige agus bhí se ag dhul ar aghaidh ins an t-saoghail fhad a's bhí se beo. Bhí sé mhac deag aige, agus shaol 'ach a'n duine go rabh siad críonna go leor. Acht tharlaigh go bhfuair an sean-fhear bás lá amhain gan uadhacht a dheanamh agus comh tuith agus bhí sé faoi an fhod thoisigh a shé mac deag a throid fa dtaobh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1544: The Man who Got a Night's Lodging
    Language
    Irish
    Collector
    Éamonn Mac Dhúrnáin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Domhnall Ua Ghallchobhair
    Gender
    Male
    Age
    c. 75
    Address
    Doire Fada, Co. Donegal