School: Druim na Rath (roll number 12428)
- Location:
- Droim na Rátha, Co. Donegal
- Teacher: Éamonn Mac Dhúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Druim na Rath
- XML Page 191
- XML “Na Daoine Gortacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)gcluadach na mona. Luigh sé é-feín san choirneal arais. Ní rabh sé a bhfad na ndiaidh sin go dtaínic an maidin.D'éirigh an bhean go breágh luath agus thoisigh ag cur síos teineadh. Rud deacar e cionnus go rabh na h-eibleóga uilig comhair a bheith mharbh, acht d'éirig m'óganach amach as an coirneál agus thoisigh sé ag cuidigh leithí. Thug sé fa dear go rabh scanradh an domhain ar an mhnaoi nuair a chonnaci sí é cionnnus gur shaoil sí gur taidhbhse a bhí ann. Acht bhí sí breágh sasta nuair a thug sí fa dear gurbh e an fear óg e-féin a bhí ann. Chuidigh sé leití an teiní a lasadh agus nuair a d'éirig sin leobhtha, thoisigh an bhean a dheanamh bunnóg arain. Thoisigh sí ag cur ceist ar an fear óg caidé an dóigh ar chaith sé an oidhche.
"Och!" arsa seisean, "níor chodladh me comh suaimhneac oidhche ar bheith rith mo shaogal, acht chaithfhidh sé a bheith ag cur am eigin-teacht rith na h-oidche, no shaoil mé gur mhothuigh me cupla dheor ag tuitim orm am amháin."Bhí iontas an domhain ar an mhnaoi, agus ní rabh fhios aicí caidé le radh. San deireadh bhí an bhunnóg reidh. Chuaidh an bhean amach agus bhligh sí an bhó agus rinne sí reidh braon thae, - an chéad braon a rinne sí fa choinne duine ar bith ariamh. D'ith an fear óg a shaith agus d'imthigh se na bhaile, agus ó sin amach achan thit a tháinic sé ar chuairt fuair sé a shaith agus bhí sé ábalta an abhainn a leimnigh a dhul a bhaile dó. Chuaidh bliadhain thart, agus i gcionn an ama sin fuair an lanamhain óg posta agus bhí sean am breágh acú o sin amach, agus se sin deireadh an sgéil.- Collector
- Éamonn Mac Dhúrnáin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Domhnall Ua Ghallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- c. 75
- Address
- Doire Fada, Co. Donegal