School: Druim na Rath (roll number 12428)

Location:
Droim na Rátha, Co. Donegal
Teacher:
Éamonn Mac Dhúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 205

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 205

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Druim na Rath
  2. XML Page 205
  3. XML “Seán Crosach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    spéir caidé deanfear me. Crochfar me co cinnte agus tá mé beo, maighistear cruaidh, mo mhaighistrear-sa"
    "Is cuma liom," arsa Seán Crosach, ach ag an am ceadna ní rabh a chroidhe comh cruaidhe agus bhí sé ag cur i gceill, agus sheas se ag amharc ar an fhear eile.
    "Amharc annseo," ars' an fear le Seán, "Tá pistiol agat, an gcuirfea cupla pillear fríd mo hata agus mo chota le teistint dó mo mhaighistear an troid bréagh a rinne me ar son an t-airgid sin?"
    "Deamhain a misde liom," arsa Seán, no go ndeanfaidh mé sin."
    Tharraingh Seán amach a phistiol arais, agus cuir sé pilear fríd hata an fir.
    "Anios," arsa seisean, cuir ceann frí guallainn mo chota." Rinne Seán sin.
    "Badh maith liom anois pilear fríd ruball mo chóta,"
    Chuir Seán an pileár fríd.
    "Nuair atá tú com maith damh," ars' an fear, "cuir ceann fríd mo bhrístí,"
    "Chan fhuil ceann ar bith eile agam," arsa Seán acht creidim go ndeanfaidh sin cúis."
    "An é sin an sgéal anois," ars' an fear, "Credim go bhfuil cupla ceann agam," Chuir sé a lamh ina bhrollach agus tharraingh sé amach pistiol mór.
    "Anois" arsa seisean le Seán Crosach. Tabhair an t-airgead sin damh ar an bomaite, no cuirfidh mé an solus fríot.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Éamonn Mac Dhúrnáin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Séamus Ó Cholla
    Gender
    Male
    Address
    Béal an Bhearnais, Co. Donegal