School: Druim na Rath (roll number 12428)
- Location:
- Droim na Rátha, Co. Donegal
- Teacher: Éamonn Mac Dhúrnáin
![The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 206](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1076%2FCBES_1076_206.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 206
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Druim na Rath
- XML Page 206
- XML “Seán Crosach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ní rabh rud ar bith ag Seán le deanamh acht an t-airgead a thabhairt do arais agus chuir an fear ina phoca é.
"Cuir suas do lama anois" ars' an fear le Seán, "agus suas an bheallach mór leat,"Rinne Seán iarraidh a dhul annsoir a gearran, acht ni rabh a dhath a mhaith ann, bhí an fear eile idir e fhéin agus an gearrán, agus an pistiol go direach ar a chroidhe. Bhí Seán gaibhte cinnte go leór, agus b'eigean dó a shiubhail suas an bheallach mór agus carr searbh go leor air.Nuair a bhí Seán giota maith ar shiubhail, damharc sé thart ar an duine eile. Bhain fear an airgid an fheasóg de- féin agus thóg sé suas ins an aer í, agus chonnaic Seán annsin gur feasóg bhreágach a bhí air agus gur fear óg cliste ládair a bhí ann fan am uilig.Léim sé ar gearrán Sheáin annsin, thoisigh sé ag gaire agus d'imthigh sé leis agus d'fág sé Seán bocht na sheasamh annsin mar a bhí stacan ann. Níor stad an duine eile go rabh se sa bhaile. Thug sé an dhá cead punta do a mhaighistear. D'innis se an sgeál uilig dó fosta, agus nuair a bhí a saith gáire deanta ag an bheirt acú thug an fear oibre an gearran a bhaile leis.Nuair a bhí sé ag baint an diallaidh de'n ghearran thug sé fa dear go rabh an diallaidh iontach trom. Thoisigh se ag cuartughadh fríd agus caidé fuair sé ann(continues on next page)- Collector
- Éamonn Mac Dhúrnáin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Séamus Ó Cholla
- Gender
- Male
- Address
- Béal an Bhearnais, Co. Donegal