School: An Gleann (roll number 14277)
- Location:
- Glen, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Ó Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gleann
- XML Page 25
- XML “Scéal fá na Péindlithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sceal fa na Pein-dlighthe.Bhí sagart ann uair amháin darbh’ ainm an t-Athair Mac Seaghain. Thainig se as Gartain agus bhí sé ar a [seachadh]? sa Pharaoiste seo.
Lá amháin i lár an t-Samraidh bhí sé ag léigheamh an Aifrinn i gcul a’ Dun. Bhí daoine ar mhullach gach sléibh ag coimhead an eagla go dtiocfadh an tóir ionnus go mbiodh faill ag an sagart fághail ar shiubhal.
Tainig an tóir sul a rabh an t-Aifreann críochnuighthe agus b’eigin do’n sagart téicheadh. Thaing sé fhad le teach i nGleanniartach agus bhí búnóg áráin coirce ag an bhean cois na teineadh agus d’iarr sé giota uaithe ach dubhairt sí go rabh taobh ámhain bruighte agus cha rabh an taobh eile.
Dubhairt an sagart go dtabhairfeadh sé a mallacht do dhuine ar bith a thionntachadh an t-arán gan e a thionntuigh bun os cionn. Ach sul a rabh t-arain bruighte thainig an toir air. Nuair a thainig sé go dtí ‘n teach bhain sé de a bróga agus ca rabh faill aige ac an bróg amháin a cur air. Rith se an mead as bhí ann a chorp gur bhain sé an Gleann Árd amach Thug siad-san a gcuid do agus chuaidh leis agus d’fhág siad é i dTulac. Nuair a bhí siad ag imteacht uadh indiaidh e a fhágail i dTulach chuaidh sé ar a glúnaibh agus ghuidh se go mbéadh fir mhaith i gcomhnuiudhe ar an Gleann Árd.(continues on next page)- Collector
- Cait Ní Bhuidhe
- Gender
- Female
- Address
- Glengillagrana High, Co. Donegal
- Informant
- Pádraig Ua Buidhe
- Gender
- Male
- Age
- 85
- Address
- Largantrean, Co. Donegal