School: An Gleann (roll number 14277)
- Location:
- Glen, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Ó Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gleann
- XML Page 85
- XML “Na Fianna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair a bhí na Fianna beó i n-Éirinn bhíodh siad ag seilg go minic thart fá'n áit seo. Uair amháin bhí fear de na Fianna na sheasamh ar Mucais agus chaith sé cloch aniar go cnoc Leargain. Deir na daoine fosta gur chaith fear eile de na Fianna cloch ó na h-Ardai go cnoc Leargain. Tá fear de na Fianna curtha ar an cnoc seo fosta agus tá ór faoi, Is ó fear de na Fianna darbh ainm Goll Mac Morna a fuair an raoroisce seo, Ros Guill, mar h-ainm. Seo mar thárla sé.
Uair amháin thuit Fionn agus Goll amach agus b'eigin do Goll teicheadh ar eagla roimhe Fionn. Lean Fionn é. Nuair a tháinig Goll fhad leis an fhairrge chonnaic sé carraig amuigh ar oilean san fhairrge. Chuaidh sé amach agus chuaidh sé I bhfolach I gcúl na carraige. Nuair a tháinig Fionn fhad leis an fhairrge cha dtiocfadh leis Goll a fheiceáil I n-áit ar bith. Bhí órxóg ghreannmhar ag Fionn agus nuair a chuireadh sé an ôrdóg I na bhéal thchiodh sé achan rud thart fá dtaobh de. Chuir sé an órdóg i na bhéal agus chonnaic sé Goll amuigh ar an oileán. Chuaidh sé amach agus mharbh sé Goll. Thug na daoine Carraig Goll ar an carraig sin agus thug siad Ros-Goll ar an raoroisce seo- Collector
- Máighréad Haimlet
- Gender
- Female
- Address
- Carnagore, Co. Donegal
- Informant
- Máighréad Bean Mhic Lochlainn
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female
- Age
- 75
- Address
- Carnagore, Co. Donegal