School: An Cúil (Coole)
- Location:
- Cool Upper, Co. Donegal
- Teacher: Proinnsias Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Cúil (Coole)
- XML Page 14
- XML “Na Daoine Beaga”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)muna bhfágaidh tusa an cliabh fear bán sin arais ins na spinnce béidh fhios agat rud éiginteacht. Bhí an fear ar crith le h-eagla agus le h-iongantas ar dtúis ach anois thosuigh sé ag fagháíl uchtaigh agus d'éirigh sé dána. "Nach mise bhéadh amaideach áird a thabhairt oraibh-se," ar seisean; "geobhaidh mo bhó an féar agus 'sí is mó go bhfuil an féar a d'ith." "Maith go leor" ars na fir bheaga agus amach ar an doras leo le rása.Nuair a d'imtigh siad agus fágadh an fear leis féin ní raibh fhios aige an ag brionlóidigh a bhí sé nó as a mheabhar. Thug sé leis an cliabh féir agus amach 'un an bhoithigh leis. Nuair a d'fosgail sé an dhoras bhí an bhoiteach folamh agus an bhó ar shiubhal. Chuartuigh sé agus cuartuigh sé. Gloaidh se agus scairt sé an an bhó ach ní raibh gar ann; bhí an bhó caillte.Níor codluigh an fear bocht néall an oidhche sin ach le coingfeasgar an lae thug sé leis an cliabh féar bán, cuir ar a druim é agus níor stad sé gur fhág sé achan sifín arais ins an áit ar baineadh é. Annsin tháínig sé arais an mhaidin 'na dhiaidh sin Nuair a chuaidh sé go dtí an boiteach fuair sé a bhó arais slán sábhailte agus í ceangailte do'n staca(continues on next page)
- Informant
- Séarlas Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Address
- An tEasán Dubh, Co. Donegal