School: An Cúil (Coole)
- Location:
- Cool Upper, Co. Donegal
- Teacher: Proinnsias Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Cúil (Coole)
- XML Page 9
- XML “Tinneas Eallaigh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Thig leis na daoiní beaga dochar a dhéanamh do bhó nó í a dhéanamh tinn. Ma éirigheann bó tinn agus í amuigh ag ingilt tá sé ráidhte gur "scaoil" na daoiní beaga í. Bíonn an bhó ag gnúsachtaigh agus bíonn a soc agus na h-adharca comh fuar le cloich. Tig le corr sean-duine an bhó a léígheas.
An Léigheas:-Tomhais an bhó ó bhun rubaill go bárr sróine trí h-uaire. 'Sé an gléás tomhais atá agat na ó d'uillinn go bárr na méire fada. Muna bhfaghann tú an fhaid cheudna achan uair sin cruthú gur bh'iad na daoiní beaga a bhí cionntoch i dteineas na bó. Gheibheann tú sluasaid aibhleog dearg agus cuireann tú na h-aibhleogaí thart druim ibolg na bó trí h-uaire agus fosta ó bun Rubaill go bárr sróíne. Dóigheann tú an fionnadh leis na h-aibhleogaí. Annsin geibhtear sipín cochain scaithte agus dóigheann tú é faoi sróin na bó. Gnidhtear réídh deoch min choirce annsin agus cuirtear gualach ó naoi soitheach ar an deoch. Cuirtear isteach cupla pighinn fosta ins an deoch agus bheireann tú do'n bhoin í. Ma chuireann an bhó a teangaidh in a sróin indiaidh an deoch a ól tá sí léigheasta.(continues on next page)- Informant
- Brian Ó Baoigh
- Gender
- Male
- Age
- 45
- Address
- Millford, Co. Donegal