School: Ceathramha na gCanónach (roll number 16102)

Location:
Carrownaganonagh, Co. Donegal
Teacher:
Eoin Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1082, Page 30

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1082, Page 30

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceathramha na gCanónach
  2. XML Page 30
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal (continued)

    Bhí sin ann, is fadó bhí, bhí rí 's bainríoghain i mbaile Cliath a rabh triúr nigheanach acu.

    (continued from previous page)
    cuartú uirthí. Chuartuigh siad thoir agus thiar ach ní rabh sí le fághail. Rinneadh dearna díthe.
    Bliadhain ó'n lá sin tháinig fear uasal eile a mharcuigheacht ar beathach agus diallaid airgid air. D'iarr sé an dara bean de chlann an Ríogh agus fuair sé í. Rinne siad amach lá le iad a phósadh agus d'imthigh an fear uasal annsin ar sheála theacht arais an lá sin. Chuaidh sise amach an mhaidin a bhí siad le pósadh mar chuaidh an bhean eile. Chonnaic sí an Rósa geal ag fás os cionn an chuid eile agus dar léíthe gur fa na coinne féín a bhí sé. Comh luath 's leag sí a lamh air ag dul a bhaint d'imthigh sí féín 's an Rós 's ní fhacthas ní ba mhó iad. Chuartuigh siad thoir agus thiar ach ní rabh a tuairisg le fághail.
    Bliadhain o'n lá sin airíst tháínig
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0300: The Dragon‑Slayer
    AT0301: The Three Stolen Princesses
    Language
    Irish
    Collector
    Eoin Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Máire Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Address
    Carrownaganonagh, Co. Donegal