Scoil: Baile Mhichíl (uimhir rolla 16241)
- Suíomh:
- Baile Mhicheáil, Co. Donegal
- Múinteoir: Brian Ua Gafacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)muid "Tráigh an Bhreiste tuitim síos" na gheibheann beirt chailín dhá rud éigin cur i gcás ubhall agus oraiste. Chuireann siad cheist ar na cailíní eile caidé'n cheann ar bhfearr leo gus téigheann an méid chailín ar bhfearr leo oraiste ar chúl an chailín ag a bhfuil an oraiste. Dhéanann na chailíní ar bhfearr leo ubhall an rud ceadhna agus an chailín atá an méid is mó chailín ar a cúl gheibheann sé an bhuaidh.
- Seo an dóigh a n-imrigheann muid "Luarpóg Lairpóg." Gheibheann duine éigin cipín agus suidheann gac duine síos. Téigheann sí thart ar gach duine agus deireann sí
"Luarpóg Lárpóg bidh an lóin, lón na bpreabain, preapann solus, solus shac, shac na mile in chos luadh, luadh leic chruip isteach an tinncéir."
Abrann sí focal ag gach aon duine. An duine deireannach a mbíonn an focal "tinncéir" uirthi bíonn sí amach as. Leantar mar sin go dtí go mbéidh gach duine amach as ach duine amháin. Annsin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Úna Ní Fhríghil
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Earra Thíre na Binne, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Fhríghil
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Earra Thíre na Binne, Co. Donegal