School: Caiseal (2) (roll number 15393)
- Location:
- An Caiseal, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Domhnaill
![The Schools’ Collection, Volume 1091, Page 419](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1091%2FCBES_1091_419.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1091, Page 419
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair atá fionnadh gabhar sa spéir tá sé fá choinne stoirme.
Nuair atá an ghrian báithte comhartha fearthanna é.
Nuair atá fáinne fán ghealaigh comhartha fearthanna é.
Nuair atá na réalta ag soillseadh agus iad ag damhsa sa spéir tá sé fá choinne siocáin.
An cat i n-aice na teineadh tá sé fá choinne stoirme.
Nuair atá an madadh ag ithe féir tá sé fá choinne droc-aimsire.
Nuair atá na cnuic comhgarach duit comhartha fearthanna é.
Nuair atá lasóg ghorm sa teinidh comhartha stoirme é.- Collector
- Nóra Nic Giolla Chearra
- Gender
- Female
- Address
- Dumhaigh Mhór, Co. Donegal
- Informant
- Seán Mac Giolla Cheara
- Gender
- Male
- Age
- 53
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Dumhaigh Mhór, Co. Donegal