Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)
- Suíomh:
- An Ailt Leathan, Co. Donegal
- Múinteoir: Pádraig Mac Ailin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)raibh an coirce gó raibh duine inteacht a bualadh.
Chuir mé cluas amhain leis an domhain iochtarach, agus mó chluas eile leis an domhain uachtarach, agus mhothuigh mé íad ag bualadh ins an domhain uachtarach. Ní raibh dreimire agam le dul suas. Connaic mé dreolan in a sheasamh ar an claidhe. Thóg mé cloch agus mharbh mé í. Rinné mé dreimire do na da lorgan. Chuaidh mé suas agus nuair a chuaidh mé isteach 'na sgiobail, bhí an coirce buailte caitthe ar an urlár an sgiobal
Ní raibh mála nó sac liom. Chonnaic mé dearnad ag siubhail ar an bhalla. Thóg mé mó dhorn agus mharbh mé é. Tharraing mé na buiteann [?] amach as a chroiceann. Annsin chuir mé an coirce isteach sa croiceann. Chuir mé an t-ualach ar mó dhruim, agus thainic mé anuas an dreimire. Nuair a bhí mé shíos cupla rung thuit mé fein agus an t-ualach ar an talamh Ní raibh cleas ar bith agam le é a thabhairt na bhaile. Smaoitigh mé ar sean-gearann bán a bhí ag m'athair. Thug mé liom an gearann agus chuir mé an t-ualach air. Cá dteacaidh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Mac Ailin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)