Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)

Suíomh:
An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Mac Ailin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 113

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 113

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Árd Leathan
  2. XML Leathanach 113
  3. XML “Ceol a Rinne Conall Mac Daibhid faoi Eoghan Mac Loinsigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Céol a rinne Conall Mac Daibhid fá Eoghan Mac Loinsigh
    I bhfiacha no saidhbhreas níor mían liom a bás
    Tá an Scripteur da innse [?] gur contabhairt é an cás
    Ó bfhearr liomsa roinn le gach drong nó i bheith a gcáin
    Mó chairde agus m'iomra a bheith in mó mheura agus mé ar a lamhsa
    Lucht sinnte no saidhbris ni maoibhinn andoigh
    Treigeann siad an saoghal seo agus ní saorfainn siad an Glór
    Ach a ndaoine agus a chlann ag troid fa na stóir
    Agus na creatúirí a shaorfadh faoí dibearcha gan sogh
    Sé bá mhían liom bheith pleisiurdha agus a bheith daoineacht ar clár
    Le dimpí le daoineacht agus gan eirig ró árd
    Ach an cleir a bheith guidhe liom agus an tír in mó phairt
    Mar nach feidir fear maoine a bheith naomtha fághail bhais
    Fagfaidh mé an t-saoghal seo agus meas mé nar bhaoghal d'on fhear a bheadh soidhbheal saidhbhir
    Na scapadh maoin le fuilfil an t-saoghal, a cruinneochadh é gan breagadh
    Ach is agaibhse bhíos an Eaglais go buan lucht fasbhaidh fágail bhiada agus eadaigh
    Ach níl acusan le dtol a gearradh Nó cíos ach flaitheas fhághail daibhse in daibreac.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraig Mac Ailin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Anna Ní Loinsigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    83
    Seoladh
    An Charraig, Co. Dhún na nGall