School: Trian Caol (roll number 10778)
- Location:
- Treankeel, Co. Donegal
- Teacher: Peadar Mac Gaoithín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Trian Caol
- XML Page 147
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear as an áit seo ag deanamh Fóghmhair in n-Albain aon uair amháin, agus bhí séasúr iongantach fluich ann. Bhí sé ag cur ó lá go lá. Thainig Dómnach agus bhí lá te greine. D'éirigh an maighistear go luath agus mhusgal sé an t-Éireannach. D'iarr sé air deifre a dhéanamh, agus a dhul amach i gcoinn a ghnoithe. "Caide áta ag teacht ort" ars' an t-Éireannach "no nach bhfuil fhios agat gur indiu an Dómhnach". "Tá fios agam" ars' an maighistear, "ach caithfear fiacháil leis an bhárr a shábháil." "Sabháil leat é" ars' an t-Eireannach "níl mise ag gabhail amach a sh'obair indiu." "Na feall orn" ars' an maighistear "agus mo bhárr i gcontabhairt. "Feallaidh me ort indiu" ars' an t-Éireannach. "Níor oidir mise araimh ach na sé l a san t-seachthmhain agus glach mé i gcómhnuidhe an seachtmhadh lá fa choinne shithiste. Sin mar a d'órduigh an nDia dúinn agus níl mise a' ghabhail taobh thall de dhlígeadh Dé." "Bhfuil tú ag déanamh" ars' an maighistear go fearrgach" nach bhfágham-sa ' na bhFlaitheas comh maith leatsa" Chan fhághann" ars' an t-Éireannach "na ma gh eibh is tú an chead fhear araimh as do thir a fhuair", Caide mar atá fhios agat" ars' an maighistear. "Bhí aithne agam" ars' an t-Éireannach "ar fhgear as do thír a fuair nás. Ní luaithe a d'fhág an anal é na ruinne sé sirewach na Flaithis. Ar a ghabhail do go dtí an geafta do cé thainig amach ach Naomh Peadaar, "C'ainm thú"? arsa Peadar. D'innis sé do. "Cerb' as thú"? "As Alban" ars' eisean. "Tóg ort go t-Albanach bocht " caide atá deanta agam"? "Maise níl a dath" ars Peadar acht níl duine ar bith as do thín annseo ach tú fhéin agus ní fui a bhéith ag deanamh brocháin do duine amháin.(continues on next page)
- Collector
- Brighid Nic Daibhéid
- Gender
- Female
- Address
- Crossogs, Co. Donegal
- Informant
- Éammon Mac Daibhéid
- Gender
- Male
- Address
- Crossogs, Co. Donegal