School: St Columba's, Buncrana
- Location:
- Buncrana, Co. Donegal
- Teacher: Eoghan Ua Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair a bhí Colmcille ag dul fríd Tullydish bhí deifre mhór air mar bhí sé ar a bhealach go Doire. Ghlac sé aithgiorra fríd chuibhreann 'na rabh móran feaghacha ag fas . Nuair a bhí sé ag dul trasna an chuibhrinn baineadh truisleadh dó ins na feaghacha agus thuit sé. D'éirigh sé agus fearg mhór air.Chuir sé a mhallacht ar na feaghacha agus Dubhairt sé nach bhfásfadh
feagh ar bith suas díreach ins an bhaile sin ní ba mhó. Ins an bhaile ceadna tá na feaghacha uilig ag fás agus iad a choir a bheith na luighe comhtrom ar an talamh.- Informant
- Mr H. Quigley
- Gender
- Male