School: Clochar na Trócaire, Carn Domhnaigh (roll number 16821)
- Location:
- Ballylosky, Co. Donegal
- Teacher: An tSr. M. Beirín Ní Bhaoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochar na Trócaire, Carn Domhnaigh
- XML Page 238
- XML “Cluiche”
- XML “Cluiche - Clann an Rí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bímid ag imirt "liathróide an Chiseaín" ar sgoil gach lá. Ar dtús cuireann muid clocha beaga thart ar agus glacann siad-san an mhéid cailíní ar gach taoibh agus bhíos de dhith orainn agus caitheann muid an liathróid amach agus an cailín a gheibheann an liathróid caitheann sí go dtí'n taobh eile í. Ar an t-slighe sin bíonn muid a iarraidh an chuid is mó a ghlacadh dúinn féin, cibe taobh a gheibhean, sin an taobh a mbíonn an bhuaidh aicí.
- Gnidhtear fáinne mór i suidhtear ar na grogaidh ga greim láimhe ar a chéile. Téifheann duine amháin thar fa'n fháinne i an dán seo dhá'rádh aice. "Cé mhéid mac atá ag an Rí.
"Dhá mac déag i lár an lae, Mac indiu, mac indé. Ortsa dul síos go doras an toighe, agus brosna a thabhairt ó'n choill aníos". Le linn na bhfocal seo a rádh, buaileann sí buille beag ar dhruim gach duine. Cé bhith duine a bhuaileas, s(continues on next page)