School: Béal an Bhuláin (roll number 14866)
- Location:
- Béal an Bhulláin, Co. Mayo
- Teacher: Pádhraic Seoighe
![The Schools’ Collection, Volume 0086, Page 134](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0086%2FCBES_0086_134.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0086, Page 134
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Béal an Bhuláin
- XML Page 134
- XML “An Ghaoth, an Treo agus Comharthaí Stoirme agus Báisteach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mhaidin sin droch aimséar. Nuair a bhíonn madadh ag féir deirtear go bhfuil stoirm agus báisteach ag teacht. Nuiar a bhíonn na nealtaí ag gluaiseacht go tapaidh sa spéir deirtear go bhfuil stoirm sa spéir agus go mbeidh sé ar talamh i lá no dhó. Nuair a bhíonn ceó bán thart ar barr na sléibhte tá aimséar bréagh ag teacht. Nuair atá an fhairrge gorm sin comhartha stoirme. Nuair a fheiceann tú solus gorm sa teine sin comhartha stoirme. Nuair a bhíonn na miltéoga amuigh sin comhartha baistigh. Nuair a thagann na h-eanlaith isteach on bhfairrge sin comhartha droch aimséar.
- Informant
- Mairéad Ní Cartáin
- Gender
- Female
- Age
- 73
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- Dún Ibhir, Co. Mayo