School: Maol Raithnighe
- Location:
- Mallaranny, Co. Mayo
- Teacher: An tSiúr Philomena
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Maol Raithnighe
- XML Page 171
- XML “An Amaideacht”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí bean ann uair amhain agus bhi ingean aici.
Oidhche amhain tháinig fear go dti an teach ag íarraidh mná. Dubhairt an t-sean-bhean leis go raibh cailín chomh maith is a bhí 'san tír aici fein, go raibh sí indon teach maith a coinneál agus gach rud.
Posadh íad an lá seo agus dfhan an bheirt aca sgathamh i dteach an t-sean-mna. Nuair a bhí sé in am dul abhaile dubhairt an t-sean-bhean leis an inghean nach raibh aon spré aicí le tabhairt dí ach mála olann. "Anois an inghean arsa sí téigh tú fein le do cuid amrais gach maidin.
Chuadar abhaile agus gach maidín chuireadh sí sios teine breagh agus chaiteadh sí slámán breagh den olainn sios ar an teine. Sníomhadh sí beagán eile de'n olainn, agus in a dhiaidh seachtmhaine ni raibh ach ceirtlín beag de'n olainn fastha. Dubhairt a fear léithí céard a rinne tú le do chuid amhrais?
Bhí sé in am aici dul cun an figheadóir leis an olann, agus thug sí an léithí(continues on next page)