School: Maol Raithnighe

Location:
Mallaranny, Co. Mayo
Teacher:
An tSiúr Philomena
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0088, Page 172

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0088, Page 172

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Maol Raithnighe
  2. XML Page 172
  3. XML “An Amaideacht”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    an snath. Bhí preacháin ag dul tairtí agus dubhradar "Bág! Bág! Béid sé fighte Dia Chéadaoin".
    D'fhág sí annsin an ceirtlín agus tháinig sí Dia Chéadaoin, agus ní raibh greim de'n snámh nach raibh stróicte ó chéile ag na preacháin.
    Chuaidh sí abhaile agus d'innis sí dá fear an rud a thárla. "Tá go maith," dubhairt sé "caithfidh mé mála mine a cheannacht". Fuair sé an min agus dubhairt leis an mnaoí caca a dhéanamh as an mín. Bhí go maith. Nuair a thosuigh sí ar an cáca, thuit ciaróg isteach san mála agus bhí faitchios uirrí go mbeadh an ciaróg 'san cáca.
    D'fhosgail sí na doirse agus dhoirt sí an min ar an talamh. Thosuigh sí ag caitheamh na mine, agus tar éis tamaill bhí gach uile greim de'n min imighthe leis an gaoith.
    Tháinig fear abhaile agus ní raibh ach adhbhar cáca amhain fágtha as an mala mine. "Tamuid réidh fhad is a ndeacha muid, anois, níl ach bó amhain againn agus caithfimid í sin a mharbhugadh".
    Mharbhuigh sé an bhó agus soill sé i mbairrille. Dubhairt sé léithí, bíodh greim mairtfed[?] agat anois in aghaidh gach crann cabáiste atá 'sa
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1386: Meat as Food for Cabbage
    AT1653: The Robbers under the Tree
    Language
    Irish