School: Currach
- Location:
- Currylaur, Co. Galway
- Teacher: An Bráthair Joachim
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Currach
- XML Page 0069
- XML “Lá Fhéile Mártain”
- XML “Scéal Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bíonn lá Fhéile Mártain againn ar an aonadh lá déag de Mhí na Samhna. Marbhuightear gé nó lachan nó coileach nó caora. Is é coileach a marbhuightear timcheall na h-áite seo. Déantar cómhra na croise ar chúl d'en doras le cuid dá fhuil, agus sgaiptear an cuid eile in gach coirnéal de'n teach. Déantar sin in onóir na Féile.
Bhí Naomh Mártan in a Easbóg sa Tours sa bhFrainnc. Bhí sé in a Easbóg nuair bhí Padraig an-óg. Ní castar na muilleann lá Mártan. Deirtear gurb é Mártan earlamh na muilneóirí.- Collector
- Proinsias Ó Cearbhaill
- Gender
- Male
- Address
- Corrofin, Co. Galway
- Informant
- Seán Ó Cearbhaill
- Gender
- Male
- Address
- Corrofin, Co. Galway
- Bhí long ag dul go dtí Americá uair amháin. Tháinic iasg mór millteach in a dhiaidh. Bhí faitchíos an domhain ar na daoine a bhí istigh. Chaitheadar bó amach dó. D'ith sé í. Níorbh fhada go raibh sé in a dhiaidh arís. Chaitheadar amach stól dó, agus slug sé síos é. Tháinic sé in a dhiaidh arís. Chaitheadar amach buicéad dó, agus slug sé síos é. Tháinic sé in a dhiaidh arís. Ní raibh aon rud eile aca, agus chaitheadar gasúr amach dó. Slug sé síos é. D'fhan sé in a dhiaidh go shroicheadar Americá. Chuaidh an t-iasg isteach sa talamh, agus fuair sé bás. D'fosgladar é agus chonnaiceadar an gasúr in a shuidhe ar an stól agus ag bleaghadh na bó isteach sa mbuicéad.