School: Currach
- Location:
- Currylaur, Co. Galway
- Teacher: An Bráthair Joachim
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Currach
- XML Page 0092
- XML “Scéalta i dtaobh Sióg”
- XML “Scéalta i dtaobh Sióg”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sé bean bhocht cois teineadh. D'iarr an bhean air an raibh aithne aige uirrí. "Níl." ar seisean. "An raibh tú ariamh ag baint coirce le corán" ar sise. "Bhi me" [!] ars an bhfear. "Ar chaith tú an corán indhiaidh ghirrfiaidh" ar sise. "Caith mé" ar seisean. "Bé mise a chaith tú indiaidh" ar sise. "An mbeadh aithne agat ar do corán" ar sise. "Bheadh" ar seisean. Theasbáin sí an corán dó, agus an áit a bhuail an corán í. Bhí brón mór ar an bhfear mar gheall ar an rud a rinne sé. Sidheóg a bhí sa ghirrfiadh.
- Bhí baintreach agus a mhac in a gcomhnuidhe i dteach ar thaobh sléibhe. Thaistigh ó'n mháthair an mach a pósadh le mnaoi saidhbhir. Dubhairt an mach go raibh brionglóid aige oidhche amháin, agus go bhfaca sé cailín sa mbrionglóid agus nach bpósfadh sé aon chailín nó go bhfeicfeadh sé cailín a bheadh cosamhail leis an gceann a bhfaca sé ins an mbrionglóid. Dubhairt a mháthair leis nach bhfeicfeadh sé cailín cosamhail leis an gcailín a chonnaic sé sa mbrionglóid. Lá amháin bhí an buacaill ag obair ar an sléibh agus cualaidh sé fúm. D'fhéach sé suas sa spéir agus chonnaic sé cailín sa spéir. Tháinic an cailín anuas agus sheas sí in aice an bhuachalla. Bhí sí cosamhail leis an gceann a chonnaic sé sa mbrionglóid. Thug an mach an cailín isteach go dtí a mháthair. Phósadh iad annsin, ach ní raibh an cailín indon fochal a labhairt. Oidhche amháin bhí an mach ag cuairt. Tháinic sé abhaile agus bhí sé in aice a theach féin nuair chualaidh sé capaill ag rith Sheas sé ar chúl chruaic móna, chun iad a legint [!] thart Bhí sidheóga ag maraidheacht [!] ar na gcapaill. Sheas siad ag geata an teach seo. Dubhairt an céad sidheóg "Is annseo a bhfuil an cailín" "Seadh" ars an dara sidheóg. "Níl mórán maithe innte dó mar níl sí indon cainnt. Dá dtarrnadh sé cúpla ribí gruaige as chúl a chinn, bheadh sí indon cainnt." D'imthigh na sidheóga annsin. Chualaidh an mach é agus dubhairt sé le na mháthair é. Thairring sí na ribí gruaige, agus bhí an cailín indon cainnt. Mhair siad le chéile go sona shásta in a dhiaidh sin.(continues on next page)
- Collector
- Proinsias Ó Mainín
- Gender
- Male
- Address
- Corrofin, Co. Galway
- Informant
- Tomás Ó Mainín
- Gender
- Male
- Address
- Corrofin, Co. Galway