School: Cloidheach (roll number 12090)
- Location:
- Clydagh, Co. Galway
- Teacher: Máire Úna Ní Cheallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cloidheach
- XML Page 0119
- XML “Bia na Seanaimsire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ní bhíodh acht trí béilí sa lá ag na daoine fadó - an céadphroinn, an dinnéar agus an suipéar. Ithtí an ceadproinn timceall a naoí a chlog agus is minic a bhíodh deich bearta arbhair nó coca féar bainte ag fear roimhe, Ar a h-aon a clog a bhíodh an dinnéar aca agus bhíodh an dinnéar aca ar a seacht nó a h-ocht a clog sa tráthnóna. Uaireannta bhíodh tae ag na sean-daoine - go mór mor ag na mná - tréis breicfeasta i ngan fhios do na daoine óga.
Min buidhe agus bláthach mó leamnacht a bhíodh aca i gcomhair an chéadphroinn. Fataí agus bainne i gcomhair an dhinnéir agus leite i gcóir an t-suipeir. Nuair a bhíodh duine af dul go dtí an t-aonach nó ar turas nó ag dul ag obair i bfad ó baile cuirfeadh sé fataí sa teine an oidhche roimhe sin agus iteadh sé iad ar a turais. "Cast" fataí a tugadar ar sin.
Ní itheadh na páisdí ag(continues on next page)- Collector
- Pádraig Mac Aodhagáin
- Gender
- Male
- Address
- Clydagh, Co. Galway