School: Anach Cuain
- Location:
- Eanach Dhúin, Co. Galway
- Teacher: R. S. Ó Conaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Anach Cuain
- XML Page 0013
- XML “Seanfhocla Eanach Cuain”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Is minic a bhain duine slat a buailfeadh é féin.
"Chonnaic mé cheana thú" mar dubhairt an cat leis an bainne bruithte.
Na faoillidh a marbhuigheas na caoire agus an Márta a marbhuigheas na daoine.
Is furasta fúinead i n-aice na mine.
Nuair is mó an deifir is mó an moill.
Éist le fuam na h-abhann agus geobhaidh tú breac.
Geibheann na ba bás fhaid is a mbíonn an féar ag fás.
Is olc an gaoth nach séideann mhaith d'aoinne.
Mo bródh féin agus capall duine eile.
Míon mhic a shúil.
Is treise dúthchas na oileamhaint.
Aithnigheann cíaróg cíaróg eile.
Bíonn an fhírinne searbh acht buadhann sé gach dearmadh.
Is fearr marcuigheacht ar gabhar ná coisigheacht ar fheabhas.
Is maith é an congnamh go dtí aimsear an scitheóg.
Ní hé aon intinn amháin a bíonn ag an gcrann i gcomhnuidhe.
Mol an óige agus tiocfaidh sí.
Luig leis an uan agus eirigh leis an éan.
Ní i gcomhnuidhe a marbhuigheas Paídín fíadh.
Is fearr an t-imrighreas na án t-uaighneas.
A cómhairle féin do mach Anna agus níor bhfuair sé aríamh níos measa.(continues on next page)- Collector
- Peig Ní Chaomhánaigh
- Gender
- Female
- Address
- Eanach Dhúin, Co. Galway
- Informant
- Máirtín Ó Baoghail
- Gender
- Male
- Address
- Lisín an Óráin, Co. Galway