School: Scoil Bhríge Naofa i gCor an Dola (An Cheathrú Bheag)
- Location:
- Carrowbeg North, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Loideáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear na chomhnuidhe i gCarráin roimhe seo a dtugaidís Éoin Ó Floinn air. Bhí sé i n a fhear an-láidir. Bhí muileann an Creige ag meilt plúr an uair sin. Bhí muileann eile ag muinntir Wade a meilt plúr i Maigheann. Bhíodh Éoin Ó Floinn ag carréaracht an uair sin do mhuinntir Wade. Bhíodh sé ag tabhairt tonna cruithneachta soir go Maigheann. Ní raibh aige ach droch chapaillín. Nuair a chasfadh cnoc leis ar an mbóthar ní bhíodh an capaillín i ndon an cárr a tharraingt. Bhainfeadh Éoin amach an capaillín ón gcárr agus thairngneochadh sé féin an cárr aníos an cnoc. Chuirfeadhsé an capaillín faoi'n gcárr arís agus thairngneóchadh sé é in áit a mbíodh an talamh cothrom.
Is minic a chuala mé na sean-daoine ag rádh nach mbéadh aon ceó le n-ithe ag Éoin ach Gaisin Sodair. Nuair a thógadh a bhean an pota fataí ghlanfadh sé an pota. Chuirfeadh sí braoin(continues on next page)